Number of records in editorial history: 1
MC
senior member (history)
2021-01-11 14:42
approved
rejected
awaiting decision
Bhí bean ann am amháin agus cha rabh aici acht mac amháin agus bhí sé ag éirighe aosta. Bhí sé ag gabhail a phosadh agus ní rabh airgead ar bith aige. Oidhche amháin bhí an bheirt aca na suidhe ag an teinidh ag cómhrádh. D'iarr an bhean ar a mac an bhó a bhí amuigh sa bhoitheach a thabhairt leis 'un aonaigh agus go bhfuighedh sé lán a chráig uirthi. D'imthigh an mac leis 'un aonaigh leis an bhó.agus nuair a bhí sé giota fada ar shiubhail casadh fear air agus chuir an fear ceist air cá mhéad a bhí sé ag iarraidh ar an bhó.. Dubhairt sé gur lán a chráig a bhí sé ag iarraidh uirthi.
Dubhairt an fear leis go d'tabharfadh sé deich bpunta uirthi. Bhal arsa an fear a bhí ag díol na bó d'iarr mo mháthair orm lán mo chráig a