Number of records in editorial history: 1
anonymous contributor
2019-01-03 20:29
approved
rejected
awaiting decision
Bhí Rí ann fad ó shoin agus phós sé bean a bhí iongantach bocht. Nuair a bhí siad bliadhain pósta bhó mac óg ag bean an Rí. Chuir an Rí ceist uirthi cé b'fhearr léithe beith ag tabhairt aire díthe agus dubhairt sise gur a deirbhsiúr fhéin. Nuair a bhí an deirbhsiúr seachtmhain ag tabhairt aire díthe chóirigh sí coileán bheag madaidh agus chuir sí an leanbh amuigh ar taoibh an bhealaigh mhóir. Bhí fear ag gabháil thart ag díol feóla agus thóg sé an leanbh leis na bhaile agus d'iarr sé ar a mhnaoi aire mhaith