Number of records in editorial history: 1
anonymous contributor
2015-10-15 23:47
approved
rejected
awaiting decision
Séamus Ó Rabhartaigh, Leitir Catha a d'innis. A mháthair a d'innis an scéal dó-san. Rugadh agus tógadh Séamus i Leitir Catha agus is ann a chaith sé a shaoghal. Tá sé fa thuairim 60 bliadhan anois.
Díorfach Mac na Baintreabhaighe
Bhí bean ar an bhaile seo i bhfad ó shoin agus bhí mac aici arbh'ainm do Sheán agus siocair nach raibh sé ach beag bheirfaidhe "Díofach Mac na Baintreabhaighe mar leas-ainm air.
Bhí Seán agus a mháthair iongantach bocht agus nuair a tháinic Seán ins an aois go raibh sé i ndan dadaidh a dhéanamh leag sé amach do fhéin go rachadh sé ar fastodh. Bhí fear ina chomhnuidhe thuas i nGleann Fhinne ins an am arbh'ainm do an Fear Ruadh agus dubhairt Seán le n-a mháthair lá amháin go raibh sé 'gabhail ar fastodh chuig an Fear Ruadh.
"Maith go leor," arsa'n mháthair, "thig leat no tá an t-airgead a dhith orainn ar scór ar bith"
D'fhág siad slán ag n-a chéile agus d'imthigh Seán. Nuair a chuaidh sé fhad leis an Fhear Ruadh chuir Seán ceist air an dtabhairfeadh sé fastodh do. Dubhairt an Fear Ruadh go dtabhairfeadh go ndeánfadh an chuach an chead scairt