Number of records in editorial history: 1
senior member (history)
2020-09-24 12:33
approved
rejected
awaiting decision
Tá a lán de thobair bheannuighthe i gCo Dhun Na nGall agus is tobar an Dúin an ceann is mo trácht air. Seo an doígh a bhfuair sé a ainm. Bhí sagart iongantach cráibhteach ann uáir amhain darbh ainm an t-athair O’Frighill. Bhí sé ag léagas na ndaoine o gach uile cinéal aicideacha. Bhí na sgorthai agus na sgorthai daoine ag teacht chuige achan lá, agus ní thiocfhadh leis freastal ar deireadh aca. Sa deireadh rinn se amach ar thobar a dheánadh. Acht ní rabh fhios aige ca h-ait le na dheanadh. Am amhain bhí sé ‘san Róimh agus bhí sé ag guidhe ca h-áit a shndeanfhad sé an tobar. Dfág sé slat na dhiaidh. Ar theacht arais do bhí an tslat sáithte ‘san áit seo. Ghlac sé seo seo mar chomhartha agus fuair sé an tobar deánta ‘san áit. Tháinig na daoine chuig an tobar annsin.