Recent changes
Number of records in editorial history: 2
anonymous contributor
2022-08-08 14:51
|
|
Sa mbaile mór is mó a bhíonn an t-aonach ar siúl, ach anois is arís cloistear faoi áiteacha faoin tuath a mbíonn aonach iontu. Bhí aonach sa sráidbhaile anseo againn – i gCnoc Mhuire – tuairim daichead bliain ó shin. Sa bpáirc sin atá idir teach Uí Ghruagáin agus teach Uí Éanacháin a bhíodh an t-aonach bailithe, agus ní thugtar ar an bpáirc seo fós ach ‘Páirc an Aonaigh’. Is le Séamas Ó hÉanacháin an pháirc sin anois, ach fear darbh ainm Tomás Ó Corraí a bhí i seilbh na feirme sin in aimsir an aonaigh. Beithígh – ba, laonna agus caoirigh – agus muca a dhíoltaí ar an aonach sin. Bhíodh aonach na mbeithíoch ann lá amháin agus lá eile bhíodh aonach na muc ann, mar a bhíonn fós i roinnt mhaith áiteacha. Uair sa mí a thionóiltí an t-aonach. Ní raibh aonach do chapaill ar chor bith, mar is beag capall a chothaítí sa gceantar seo daichead nó caoga bliain ó shin de bhrí nach raibh ach feirmeacha beaga ag formhór na ndaoine. Éinne a mbeadh capall dá chuid féin aige mheastaí gurbh fhear saibhir – fear
|
senior member
(history)
2015-05-20 13:10
|
|
Sa mbaile mór is mó a bhíonn an t-aonach ar siúl, ach anois is arís cloistear faoi áiteacha faoin tuath a mbíonn aonach iontu. Bhí aonach sa sráidbhaile anseo againn – i gCnoc Mhuire – tuairim daichead bliain ó shin. Sa bpáirc sin atá idir teach Uí Ghruagáin agus teach Uí Éanacháin a bhíodh an t-aonach bailithe, agus ní thugtar ar an bpáirc seo fós ach ‘Páirc an Aonaigh’. Is le Séamas Ó hÉanacháin [=Jim Heneghan] an pháirc sin anois, ach fear darbh ainm Tomás Ó Corraí a bhí i seilbh na feirme sin in aimsir an aonaigh. Beithígh – ba, laonna agus caoirigh – agus muca a dhíoltaí ar an aonach sin. Bhíodh aonach na mbeithíoch ann lá amháin agus lá eile bhíodh aonach na muc ann, mar a bhíonn fós i roinnt mhaith áiteacha. Uair sa mí a thionóiltí an t-aonach. Ní raibh aonach do chapaill ar chor bith, mar is beag capall a chothaítí sa gceantar seo daichead nó caoga bliain ó shin de bhrí nach raibh ach feirmeacha beaga ag formhór na ndaoine. Éinne a mbeadh capall dá chuid féin aige mheastaí gurbh fhear saibhir – fear
|