Number of records in editorial history: 1
senior member (history)
2017-04-11 00:55
approved
rejected
awaiting decision
Sean Scoileanna
Sar ar cuireadh na scoileanna Náisiúnda ar bun bhiodh scoileanna scairte scoileanns fóidín nó gear scoileanna thart sa gceanntar seo. Manaigh mná riaghalta nó máighistirí scoile a bhiodh ag múineadh ionnta. Tíghthe déanta de fhóidíní nó cloche a bhí ionnta agus iad cumhdaighthe le tuighe. Is minic a bhiodh braon anuas ar na scoláirí agus iad ag foghluim. Comhnuigheadh na manaigh nó na mná riaghalta ins na mainistreacha agus ins na clochair ach téigheadh na máistreacha ó theach go teach. Cuireadh siad futha i dtighthe na bpáistí a bhiod ag teach tar scoil. Íocadh tuismightheóirí na bpáistí iad gach ráithe.
Bhí mainistir i Mhuigheo sa mbliadhan 668 A.D. agus thainic scoláirí ón Európ go dtí an scoil sin mar bhí troid ina dtír féin. Mar gheall ar an mead scoláire a tháinigh chuige tugadh Muigheo na Sacsan ar an áit.