Bhí bean ann uair amháin agus bhí sí pósta. Bhí an bhean iongantach deacair a sheasamh. Bhí sé i gcomhnuidhe ag sgamhláil an fhir agus a rádh go raibh teach maith ag achan duine acht aca féin. Bhí achan locht ar an teach aicí. Ní raibh an fear bocht a rádh dadaidh. Achan lá rachadh sí ar shiubhal ‘na chomhursanacht. Nuair a thigeadh an fear isteach bhíodh an teine as agus bhíodh sise ar shiubhal. Nuair a thigheadh sí bhíodh sí ag sgamhláil agus a rádh go raibh teach maith ag an duine seo is ag an duine eile. Acht ní raibh suaimhneas ar bith ag an fear léithe. D’imthigh sí annsin lá amháin ó theach go teach fríd na comhursanach . Annsin chonnaic sí an trioblóid a bhí in achan teach. Dar léithe féin níl áit a bith cosamhail le mo theach féin. Chuaidh sí ‘na bhaile agus thug sí suaimhneas do’n fhear agus duithe féin ó sin amach.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »