Scoil: Árd Cróna

Suíomh:
Anagaire, Co. Donegal
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 99

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 99

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Cróna
  2. XML Leathanach 99
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal.
    Bhí gasúr ann aon uair amháin agus chuaidh sé air fostodh chuig fear uasal. Bhí sé na gasúr iontach mhaith agus nuair a bhí fhostodh astoigh aige thug a mhaighistir cuid mhór óir do. Bhí luthgair mhór air an ghasúr no shaoil sé nach mbéadh an t-ór caithte a choidhche aige. Annsin thug sé a aghaidh an bhaile lá aonaigh a bhí ann agus níorbh fada a chuaidh sé gur casadh fear air agus beithidheach leis. Chuir an fear a rabh an beithideach leis ceist air an gasúr an dtabhairfeadh sé an t-ór dó air an bheithidheach. Dubhairt an gasúr go dtabhairfeadh sé an t-ór dó. Thug an fear an beithidheach do agus thug an gasúr an t-or d’on fhear. Chuaidh an gasúr a marcuideacht air an bheithidheach (do) agus dubhairt sé leis fhéin go rabh sé i bhfad níos deise a bheith ag marcuidheacht no (I) a bheith ag siubhal. Dimthigh an fear agus an beithidheach leobhta gurbh casadh fear ortha agus bó leis. Chuir an fear a rabh an bó leis ceist air an gasúr an dtabhairfaidh sé an beithidheach do air an bhó. “Margadh (beithidheach) é”, arsa an an gasúr agus thug sé an beithidheach do an fhear eile air an bhó. Bhó mór a bhí inntí agus dar leis an gasúr gur margadh maith a bhí ann. Siubhal sé féin agus an bó leobhta ag tarraingt air an bhaile. Nuair a bhí siad air siubhal giota fada deirigh an bho tuirseach agus luighe sí síos ar thaobh an bhealaigh móir. Thoisig an gasúr ag bualadh ach ní éireaocadh an bhó do dá mbéadh sé ga bualadh i choidhce. Ins an deireadh tháinig fear thart agus cloch ar a ghuailinn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1415: Lucky Hans
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róise Nic Aodha
    Inscne
    Baineann