School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 96
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.
I bhfad o shoin chuaidh beirt fhear as Éireann anonn go h-Albán agus fuair siad obair annsin. Bhí cuid mhór fear as Albain ag obair ann fosta. Bhí siad go h-iontach maith de fhear amháin acu (bhí) agus bhíodh sé ann a gcuideachta go minic.
Oidhche amháin chuaidh siad a imirt cardaí. Ní rabh fhios ag fear na h-Albana an dóigh le cardaí imirt agus ní rabh gaedilig ar bith aige. Nuair a bhí siad tamall ag imirt dubhairt fear de cuid na h-Éireanna leis an fear eile. “An bhfuil ‘agat”. “Tá”, arsa an fear eile. Chuaidh siad ar aghaidh mar seo go dtí naoi ó clog agus níorbh fhág siad pighinn ag an fhear eile ar cor ar bith. Dubhairt fear na h-Albhana go rabh an t-am aca stad. Shaoil seisean gur (bá) ba é a t-ainm a bhí ar an chluiche, “án bhfuil agat tá, cionnus gur chualaidh seisean na fir eile a radh. Annsin dubhairt sé sin, cluiche nach n-imrochaidh mise go brathach arais, “an bhfuil agat tá”.- Collector
- Róise Nic Aodha
- Gender
- Female