School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 91
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.
Bhí fear ann aon uair amháin agus ‘acha’n uair a théidheadh sé un t-siopa chuireadh sé na h-uibheacha isteach in a bhearad. Annsin dimthigheadh sé leis ag tarraingt ar a t-siopa. Is iomdha lá a rinn sé seo ach ní rabh ‘fhíos ag duine ar bith é ach a muinntear fhéin. Ins an deireadh chualaidh a’ca’n duine caidé a bhí sé a deanamh. Lá amháin dimthig fear de chuid an bhaile na bhaile mhóir agus bhí an fear a mbíodh na h-uibheacha in a bhearad aige ag teacht na dhiaidh. Dimthigh an fear eile na bhaile mhóir go gasta agus tháinig leis, agus fuair sé ‘aca’n rud a rabh a dhith air. Nuair a bhí sé ag teacht na bhaile arais casadh an fear eile air ag gabhail isteach na bhaile mhóir. Bhí fios ag an fhear eile go rabh na h-uibeacha (agus to) in a bhearad aige. “Nach bréagh an fear tú”, arsa an fear eile agus thug sé buile sa chloigean do agus briseadh na h-uibheacha agus thoisigh siad ag reathaidh anuas ar a eadán, d’imthigh sé na bhaile agus naire air. On lá sin amach ní dheachaidh sé un t-siopa le h-uibheacha.- Collector
- Róise Nic Aodha
- Gender
- Female