School: Árd Cróna

Location:
Anagaire, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 79

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 79

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Cróna
  2. XML Page 79
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal.
    Bhí bean thoir i nGaoth Dobhar am amháin agus bhí sí amuigh ag buachailleacht tráthnóna amháin agus thuit sí na codhladh. Tháinig an oidhche agus nuair nach dtháinig sí abhaile cuaidh a cuid daoine muinnteardha amach a cuartughadh. Ní bhfuair siad í go dtí maidín lá thar na bharach ar taobh eile de loch eiginteacht atá thall annsin agus bhí a bheal casta. Deirtear gurbh iad na daoine beaga a thug ar siubhal í. Ta a bheal casta o’n lá sin go dtí an lá indiu.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Breathnach
    Gender
    Female
    Informant
    Grainne Breathnach
    Gender
    Female
    Age
    38
    Address
    An Clochán Liath, Co. Donegal
  2. Sgéal
    Éadar an da Ghaduidhe
    Mac baintreabhaige a bhí ann agus ní rabh aige acht a mháthair Thog sí anios é go curamach o laige go neart go dtí gur fhág sí é sa dóigh a rabh sé abalta bheit ag saothrughadh. Ins an am ní rabh mórán oibre le fághail fa’n áit seo agus rinne sé suas a intinn go rachadh sé ‘un Oilean Úir. D’fág sé slán ag a mhathair agus bhain sé an siubhal amach. Ar an taobh eile de’n uisge imeasg na gcoimhtightheach chuaidh mo dhuine bhocht a’obair.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.