School: Árd Cróna

Location:
Anagaire, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 72

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 72

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Cróna
  2. XML Page 72
  3. XML “Faire agus Tórramh”
  4. XML “Oíche Dála agus Oíche Tórramh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cleasanna agus cuideachta ag(us) dhul ar agaidh i measg an t-aosa óig. I dtrataibh an dó dheug deirtear an paidrín cúig ndeichneabhar dheag. Na dhiaidh sin gnidhtear réidh an tae agus chor uair fánann cuid dé’n taos óg leis an tae agus cor uair eile imtigheann siad, ach fanann cupla duine na shuidhe i rith na h-oidhche le cuideachta a coingbhailt le lucht an toighe. Go luath ar maidín arais gnittear tae eile. Lá thar na bharach bíonn daoine daoine ag teacht na faire agus cuireann siad paidir agus abh Máire le h-anam an duine. Annsin cuireann muinntir an toighe fáilte roimhe an té a thig isteach agus deireann an té a thig, Tá mé buadhartha fá do thriobloidh”, annsin suidheann siad agus gheibh sé tae tamall na dhiaidh sin. Lá thar na bharach lá an torraimh agus i dtrataibh an dó ó clog cuirtear an corp ins an comhnair agus annsin craithtear uisge coisreachta thart ar an chorp agus ar na daoine. Annsin druidtear clár na comhneach. Tógtar annsin é ar [guailneach]? fear agus de gnath bíonn carr ag fanacht agus cuirtear an comhnair air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.