School: Árd Cróna

Location:
Anagaire, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 71

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 71

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Cróna
  2. XML Page 71
  3. XML “Faire agus Tórramh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Faire agus Torramh.
    Nuair a gheibh duine bás druidtear a chuid súl agus a bheul. Annsin thig comharsunach isteach agus nighthear an corp go curamach. Bíonn dóig fá leith leis an obair sin a dheanamh. Cuirtear eadach an bháis (de) air, de gnath éadach donn atá in-eadach an bháis. Cuirtear miotogaí agus stocaí geala ortú annsin. Bíonn na lámha crosach ar a céile agus cuirtear an coróin mhuire ar na láma. Coirighthear suas leabaidh an bháis le h-eadach geal agus bíonn eadach geal bán suas ar an bhalla. Cuirtear cúirtíní geala suas agus gnithtear croisiní amach as éadach dubh agus cuirtear suas iad ar an taobh amuigh dé’n leabaidh.
    Síntear an marbán ins an leabaidh. Cuirtear cuilt gheal bhán suas go dtí a (bháis) bhás. Fagtar tabla beag ag bun na leabtha agus cuirtear dhá choinnealóir na seasamh in a bhfuil dhá coinneal lásta oidhche agus lá. Annsin cuirtear cupla duisín piopaí ar phlátha. Spíontar tobaco agus fágtar ar phlata eile é. Bíonn plata beag eile ann agus snaoisín air. Ar na bliadhanta deireannacha seo bíonn toitíní acú. Is é comharsuin nó fear muinnteardha a chuireas thart an agus an snaoisín. Mas duine óg atá i lathair bíonn ‘aca’n dhuine buadhartha gruamdha agus mas sean duine atá i lathair bíonn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ruiseail
    Gender
    Female
    Informant
    Caitlín Bean Mhic Aodha
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Cnoc an Chaocháin, Co. Donegal