School: Árd Cróna

Location:
Anagaire, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 29

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 29

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Cróna
  2. XML Page 29
  3. XML “Leigheasanna”
  4. XML (no title)
  5. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Dá mbéadh sleamhnan ar an t-súil agus ruball cait ghlais a chuimil de’n t-suil gheobhadh sí biseach. Dealg spionnóige a chuimhil do’n sleamhnan cuireadh sé ar shiubhal é fosta. Da mbead lámh no cos léonta agus croiceann eascoin a chuimil leis gheobhadh sé biseach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Bheirtear teallachan ar na préataí a róstar san luaith.

    Bheirtear teallachan ar na préataí a róstar san luaith. In achán sean teach tá dha pholl ar achán taobh de'n teinidh agus bheirtear poll a bhaic orthu. Coinnighthear an lampa beag agus cipíní fa choinne na teineadh ann. Beirtear créadan ar bataí a bhíos ar achan taobh de'n teinidh agus bíonn éadach fa choinne na soithig a ghlanadh cróctha ortha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Sgeal
    Bhí bean thoir i Loch in Iubhar am amháin agus bhí a fear in Albain. Achán mhí chuireadh an fear seacht bpunnta chuici agus lá thar na bharach rachadh sí len a fághail briste ar an bhaile mhór.
    An sáthairn a bhí ann an lá seo, agus chuaidh sí go dtí an baile mór. Bhí go maith a’s ní rabh go h-olc, cheannuigh sí cupla péire brog agus cupla rudaí eile. Ghearr sí an aith-giorracht na bhaile síos fríd an chaoran. Bain sí duithe a cuid bróga agus d’iomcar sí iad.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maighread Breathnach
    Gender
    Female
    Informant
    Grainne Breathnach
    Gender
    Female
    Age
    38
    Address
    An Clochán Liath, Co. Donegal