School: Árd Cróna

Location:
Anagaire, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 18

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 18

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Cróna
  2. XML Page 18
  3. XML “An Cruatan i bhfad ó shin”
  4. XML “Lucht Siúil”
  5. XML “Cluiche”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    amháin agus tháinig fear na bhaile darbh ainm Séan ó Duirnín as Mín a Leice agus bhí deich agus punnta leis. Shaoil na seandaoine gur mhór an rud seo agus chruinnigh siad uilig go bfeiceadh siad an t-airgead. Ní rabh a fhios aige-san caidé a cheannochadh sé air. Rinne sé suas coirce a cheannacht air. Bhí an coirce sé pighne an chloich agus cheannuigh sé luach an airgid de choirce. Tháinig sé go Muileann Pheadair bhig agus rinneadh min de. Nuair a bhí an mhin déanta ní rabh airgead ar bith aige le fear a Muilinn a dhíol. Shaoil sé gur cheart an mhin a dhéanta in aisgid ach beigean do an ceathramadh cuid dé’n mhin a thabhairt dé’n fhear. Chuir sin isteach an chuid a ba mhó dé’n Geimhreadh dó.
    Bhí am amháin eile agus mheath na preataí. Thug an tighearna síol murlóg daobhtha. Chuir siad an síol ach ní rabh siad ró-mhaith. Chuir siad leas ortú ach indhiaidh an iomláin ní rabh bárr ró-mhaith acú. Ba ghnatach leobhta iad a bhruith agus annsin bracán réidh min coirce a dhéanamh. Bhaineadh siad an croiceann de na muirleóga agus annsin díosadh siad an dá chuid céile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Padaí Reamhar; Mhair sé fá thuairim dhá scór bliadhna ó shoin. Bíodh sé ag cruinnughadh bratogaí olna.
    Bacach na n-uibheach; Mhair sé fán am ceudna. Bhíodh sé ag cruinniughadh uibheach agus pighneach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.