School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 16
- XML “Tomhasanna”
- XML “Comharthaí Aimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tomhasanna.
Cáide an ceud pháirt dé’n bhó a thig isteach ar an dorus
Freagar, An anál.
Teachtaire beag ó theac go teach agus bíonn sé amuigh san oidhche
Freagar, Casán beag idir dhá theach. (agus l) - Comharthaí Aimsire.
Ma bhíonn an cat ag sgríobhadh cliabh nó mála nó cathaoir, sin comhartha gaoithe móire.
Ma bhíonn an cat a nighe a agaidh agus a chrub a cuir siar i gcúl a chluaise, sin comhartha go bhfuil an fearthainn ag teacht.
Ma bhíonn an madadh ag ithe féir, sin comhartha go bhfuil an fheartainn ag teacht, nó an aimsear ag briseadh.
Má bhíonn na realtoga ag soillsuí go loinnreach, sin comhartha go bhfuil siocán ag teacht.
Má theidheann an ghrían i luighe dearg, sin comhartha go mbéidh lá maith ann lá thar na bharach.
Nuair a imthigheas na geacha ar eiteogaí, sin comhartha go bhfuil lá [ga]? mór ag teacht.
An lá sula dtigidh fearthainn bíonn piánta ar na seandaoine a bhfuil pianta cnamh ortú. Bíonn na cnamha marbh leobhta.
Ma bhíonn cuma corcarach ar an spéir tráthnóna, sin comhartha go bhfuil an ghaoth mór teacht.
Ma bhíonn na srutáin ag rith agus tormán acú san oidhche sin comhartha go bhfuil siocán ag teacht.(continues on next page)- Collector
- Máire Ruiseail
- Gender
- Female
- Informant
- Caitlín Bean Mhic Aodha
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Cnoc an Chaocháin, Co. Donegal