School: Mín an Tóiteáin
- Location:
- Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
- Teacher: Conall Mac Cuinneagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Tóiteáin
- XML Page 645
- XML “Piosrogaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Piosrogaí
Nuair ata duine ag dul ar thuras fadha agus é cruth capaill a fhaghail caillte agus cul ar cruth tionntaoghthean bealach a bhfuil sé ag dul deirtear go bfuigh se airgead caillte sul a dtocfhadh se arais. Bhí fear ag imteacht ar turas fada in a ghluaistean nuair a chuaidh sé gíota chonnaic sé cruth capaill caitte ar an bhealach mhór [stap]? sé an gluaistéan agus thug leis an chrut nuair a chuaidh sé giota eile chonnaic sé beirt fear ag dul an bealach ceadna agus thug sé leis ins ghluaistean íad bhí siad ag dul frid ghleann iongantach uaigneach agus chonnaic siad an cruth in a phoca d’fhiafruigh siad do caidé bhí sé a deanam leis an cruth agus dubhairt sé gur cualaidh sé ariamh go rabh ad maith ar chruth capaill annsin thóg fear acha an cruth agus thug buille do’n fhear ar mhullac an chinn agus mharbhuigh siad é. Thug siad leobhtha cía bith airgead a bhí aige agus d’imtigh siad leo agus d’fag siad an fear marbh ins an gluaistéan. Nuair ag gheibh duine bas i dteach staptar an clog bomh luat agus geibh se bas agus bionn sé stapaidh go dtí go n-imthigheann an toradh. Nuair ata duine ag dul a iasgaireacht caitheann duine éile an maide briste na diaid nuair ata sé ag dul amach ar an doras ba gnatach le na sean daoine a rad go gcuirfeadh sin adh air(continues on next page)- Collector
- Seaghan Ua Cealbhuighe
- Gender
- Male
- Address
- Na Brocacha, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Na Brocacha, Co. Donegal