School: Mín an Tóiteáin
- Location:
- Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
- Teacher: Conall Mac Cuinneagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Tóiteáin
- XML Page 628
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)amach as an loing agus go gcaithfeadh seisean a mhac fein a piocadh amach as an tre gé eile agus ma cuireann tusa do lamh ar cheann ar bith eile ach mise ní fheicfeadh tu mise go brathach airist agus ma chuireann tu do lam orm-sa rachadh mé na bhaile leath. Annsin d’innis sé do an gé a mbeadh a eiteógaí sios leis gur sin eisean.
Annsin d’imthigh an gasúr agus tháinig an captaoin agus tug sé da cead punt do,n fhear, dubhairt sé leis go rabh an gasúr ag gabhail ar reidh go maith agus go rabh fhios aige cuid mór fa bádaí. Dubhairt se go gcoinneochadh sé é go cionn bliadhna, d’imthigh siad isteach san bhád agus d’fag siad slan ag an fhear. Nuair a fuair an fear na bháile d’innis sé an sgéal do’n bhean agus bhí luthghair mhór uirti nuair a bhí an gasúr go máith agus go rabh neart airgid aca. Nuair a bhí an bhlian caithte d’imthigh an fear go dti an ait ceadhna agus tháinig an long fhad leis ach ní rabh an gasúr ann. Tháinig an captaoin amach agus dhubhairt sé leis an fhear go rabh rud iongantach cruaidh aige le deanamh. Bhí fhios ag an fhear caidhe d’innis an gasúr do ach ní rabh fhios ag an chaptaoin sin. Dubhairt sé leis go gcaithfeadh sé a mhach fein a piocadh amach as trí geacha fiadhna.(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Giolla Cearr
- Gender
- Female
- Address
- An Teanga Mheáin, Co. Donegal
- Informant
- Cathal Mac Giolla Cearr
- Gender
- Male
- Address
- An Teanga Mheáin, Co. Donegal