School: Mín an Tóiteáin
- Location:
- Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
- Teacher: Conall Mac Cuinneagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Tóiteáin
- XML Page 499
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tháinig an gasúr anuas agus thoisigh an bheirt aca a throidh. Nuair a bhí sé ag teacht cruaidh ar an gásúr dubhairt sé “cuidhigh a chraiceann”, agus chuidhig an craiceann. Mharbh an gasúr an fath Chuir an gasúr an t-eallac siar an dara lá agus mharbh sé an fach. Rinne an gasúr seo an tríomhadh lá agus mharbh sé an fath deireannach. An lá deireannach a chuaid sé siar tháinig an chailleach amac agus nuair a bhí sí leath marbh d’iarr sí air stad agus go dtabharfhadh sí an caíslean do, agus stad an gasúr. Chuaidh siad isteach go dtí an caislean agus dubhairt an cailleach leis an ghasúr a cuid éadáigh a bhaint do, rinne an gasúr ma d’iarradh air, agus d’iarr sé ar an chailleach gan a bheith ag amarc air. Thionntóig sise isteach ag an teinidh agus d’iarr an gasúr uirthi amarc ins a phota a rabh sé ag goil agus nuair(continues on next page)
- Collector
- Siubhan Ní Chéarrain
- Gender
- Female
- Address
- Cró na Sealg, Co. Donegal
- Informant
- Meádhbha Ní Chéarrain
- Gender
- Female
- Address
- Mín Leic na Leabhar, Co. Donegal