School: Mín an Tóiteáin

Location:
Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
Teacher:
Conall Mac Cuinneagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 487

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 487

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Tóiteáin
  2. XML Page 487
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean - Sgéal
    Am amhain bhí fear agus bean in a gcomhnuidhe i mbaile Chonaill. Ní rabh móran airgid aca agus bhí siad iongantach bocht. Ní rabh siad abalta an cios a díol leis an tigearna talamh agus chuir seisean leitir aca go gcuirfeadh sé amach as an talamh iad muna na ndíolfadh siad an cios. Nuair a cuailaidh an fear an sgéal seo tháinig buaidhreadh mór air agus la amháin d’imthigh sé agus ní rabh fhios ag an bhean ca deacaidh sé. Nuair nach dtainig sé shíl an bhean gur baitheadh é agus d’imthigh na comursanaigh amach a cuartugadh ach ní bhfuair siad é. Bhí buadhreadh mór ar an bhean agus fuair sí fhad leis an sagart paroiste agus d’innis sí do go rabh dhá mhuc aici agus d’iarr sé air iad a ceannacht, no dubhairt sí leis go mbeadh air tighearna talamh a dtabhairt leis agus go rabh sé go maith aici iad a díol.
    Cheannaigh an sagart an dhá mhuic uaithe. An la sin bhí da fear ag iascaireacht ins an abhainn agus fuair siad fear agus é (ag) baithe ach nior aithin siad é agus shíl siad gur an fear as baile Chonaill a bhí ann agus tugadh na baile é agus cuireadh é. Ach bhí an fear ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1792A: The Priest's Pig
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Giolla Chearr
    Gender
    Female
    Address
    An Teanga Mheáin, Co. Donegal
    Informant
    Cathal Mac Giolla Chearr
    Gender
    Male
    Address
    An Teanga Mheáin, Co. Donegal