School: Mín an Tóiteáin
- Location:
- Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
- Teacher: Conall Mac Cuinneagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Tóiteáin
- XML Page 470
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus ní fhacaidh siad ní ba mo é. Shiubhail an bheirt leobhtha agus iad buadhartha brónach fá’n coileán. Tamall ina dhiaidh sin d’amharc siad thart agus chonnaic siad an cú mór seo ag tarraingt orta.
Anois arsa Columcille níl leigheas ar bíth air ach leigheas amháin. Imthigh thusa isteach i gcúl na carraice sin agus gheobhaidh mise greim ar an cú agus rachaidh mé i bhfolach go n-íthfidh mé é. Ach ma amarchann tú orm ta do gnoithe deanta. Chuaidh an fear i bhfolach ach ma chuaidh fhéin bhí sé ag chúl-chomhead ar Columcille ag ithe an chú. Nuair a bhí an cú ithte aige thainig sé go dtí an áit a rabh an fear agus chuir ceist air cáide bhí sé cosamhail leis ag ithe an chú. Dubhairt an fear go rabh sé cosamhail le srúth fola. Tá do gnoithe deánta anois arsa Columcille. Béidh thú marbh roimhe séachtmhain indiu. D’amharc an fear thart agus fhad agus bhí sé ag amharc thart d’imthigh a chapall agus d’imthigh Columcille. “Och,” Och ar seisean is truag damh an doigh ata orm. Siubhail sé leis annsin go dtainig sé go dtí coillidh mhór. D’éirigh tarbh mór dubh amach as an choillidh agus slug sé é in a ghreim amháin. Bhí a mhuinntir iongantach buadhartha bronach ina dhiaidh nuair a chuala siad goide deirigh do.(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Address
- Na Brocacha, Co. Donegal
- Informant
- Nial O Bhaoighill
- Gender
- Male
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal