School: Mín an Tóiteáin
- Location:
- Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
- Teacher: Conall Mac Cuinneagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Tóiteáin
- XML Page 460
- XML “Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na trí seachtmainí caitthe cáide tháinig amach as na h-uibeacha acht h-aon dhéag coileach agus cearc amháin. Dubhairt an ingean go rabh níos mo ádh uirthi fhéin nó bhí ar a mathair, agus bhí sí ar mire leis a máthair. Nuair a thiocfadh siad ar loístin oidhche ar bit, ní bhéad tae na siúcra no, arán ar bith leobhtha, agus chaitfeadh na daoine bocta deireadh a gcuid biadh a thabhairt daobhtha. Nuair a thiocfhaidh cupla duine de na bacaigh isteach i dteach ar bith thiocfadh cuid mhór daoine isteach a éisteacht leobhtha, agus bhéad cuideachta mait aca. Nuair a thiocfhadh an mhaidin agus nuair a bhéad siad ag imtheacht bheirfead siad cuid mhór beannachtaí daobhtha mar go choinnigh siad iad an oidhche sin. D’ímhtigheochaidh siad leobhtha annsin agus nuair a thiocfad ocras ortha rachad siad isteach i dteach eíginteacht le rud eíginteacht a fhághail le h-ithe.
- Collector
- Siubhan Ní Chéarrain
- Gender
- Female
- Address
- Cró na Sealg, Co. Donegal
- Informant
- Méadbha Ní Chéarrain
- Gender
- Female