School: Mín an Tóiteáin

Location:
Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
Teacher:
Conall Mac Cuinneagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 445

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 445

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Tóiteáin
  2. XML Page 445
  3. XML “Seanphiosrogaí”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Da mbeadh duine ag gabháil un aonaigh agus beathach no capall leis, agus da gcasadh bean ruad air.

    Da mbhéadh duine ag gábhail un aonaigh, agus beatach no capall leis, agus da gcasadh bean ruad air. Deirtear go bpillfeadh sé. Nuair a bheitfheá ag siubhail ar an bhealach mhór agus dá bfuigheach leith-phighin caillte, agus dá gchuirfhéa an leith-phighin in do phocha, deirtear na mbhéad ádh ar bith orm na dhiaid sin. Nuair atá bó in dhiaidh breith cuireann na daoine uibleóg sa doras roipe ar eagla go gcuirfheadh na daoine beaga geasrogaí uirthí amuigh ar an chnoc. Ar Oidhche Nodlag Bheag ní ceart uisge a thabhairt isteach roimh clap- sholas. Deir daoine nac uisge a bhéadh agat acht fíon. Ba ghrád le na daoine chochan a chuir thart ar a gceann ar Oidhche Fhéil’ Bríghde gan tinnis -cinn a bheith ort go cionn bliadna na dhiaidh sin. Ar maidin lá Fhéil Bealtaine bheireann mhná leobhtha soithigh an bhainne go dtí loch in na bhfuil tri srutháin ag dul isteach sa loch. Ghnídheann siad seo le daoine a chonneál ar shiubhail uaidh a gcuid eallach ar [eagal]? go mbhéad siad gan im. An snáisin a bíonn fágta indhiaidh faire bheareann mhná leobhtha é ag déanamh go bhfuil leigheas ann fa- coinne áichidh ar bith. Ma bhíonn duine ar bith ag dul ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siubhan Ní Chéarrain
    Gender
    Female
    Address
    Cró na Sealg, Co. Donegal
    Informant
    Méadhbha Ní Chéarrain
    Gender
    Female
    Address
    Mín Leic na Leabhar, Co. Donegal