School: Mín an Tóiteáin
- Location:
- Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
- Teacher: Conall Mac Cuinneagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Tóiteáin
- XML Page 444
- XML “Seanphiosrogaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sa cleibh bheirtear isteach an cleibh annsin agus toiseochaimidh ag déanamh croiseóga dé’n cochan agus nuair atá an oidhche sin thart chaiteann muid an brátóg sin go cionn bliadhna arais.
Lá Beáltaine.
An chéad lá dé beáltaine í gchómhnuidhe. Ní éirigheann na daoine gó dtí gó bfheicfeadh siad toit éiginteacht roipe féin.
An chéad lá dé bhealtainne. Rachadh na daoine amach agus bhéidh cuinneóg leobhtha agus nigheadh siad an cuinneóg i dtí locha agus déirfidh siad go mbhéadh níos mó ime ar an cuinneóg go cionn bliadhain aráis. Da mbhéadh an slaigdhean ar dhuine, ar bith thiocfadh leobhtha giota córda a fhághail agus é a chuir thart ar dé cheann agus Snaidhin a chuir air agus é a fhághailt annsin go dtí lá ar na mhárach, é a bhaint duith annsin agus bhéadh dé ceann biseach. Dá mbhéadh fáinne ar dé láimh no ar dé chós thiocfadh leath dhul go dtí áit a bhéadh trí uisge ag gabhail go dtí tobar ámhain agus an fáinne a nigh ann déirtear go bhfuigheadh sé biseach.
Da mhéadh foláin saith ar pháiste agus méil chaorach a fhaghail agus é a bhruith go maith agus bráon báinne a cuir síos air agus é a thabhairt dé’n phaiste agus tiochfadh biseach air.(continues on next page)- Collector
- Siubhan Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Mín Doire Thoirc, Co. Donegal