School: Mín an Tóiteáin

Location:
Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
Teacher:
Conall Mac Cuinneagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 441

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 441

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Tóiteáin
  2. XML Page 441
  3. XML “Féilí na Bliana”
  4. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    thigeas am deínnire imthigeann siad ag a ndheínneír. Annsin tigeann siad áirist ins an trathnóna agus bíonn cupla beatach leobhtha. Bíonn siad ag déanamh spórt go dtí’n oidhche annsin imtigheann siad na bhaile. Théigheann na daoine óga ag an damhsa i n-áit éiginteacht, go dtí a trí a chlog san oidhche.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Seanchas i dtaoibh na h-Aimsire.
    Deirtear nuair athá doineann ag teacht go mbíonn an cat ag scríobadh an doras no an (doras) no an chathaoir. Nuair a bhíonn fearthain ag teacht bíonn an cat na shuide ag an teinidh agus a chúl leis an teinidh. Ma theidh an ghrian sios dearg sin comharta go bhfuil aimsear mhait ag teacht. Nuair a rachas an chorr-mhónad síos an abhainn deirtear go bhfuil tuille ag teacht anuas an abhainn na diaidh. Nuair a rachas na caoire suas go bárr an chnuich ag teacht na h-oidhche deirtear go bhfuil aimsear mhait ag teacht. Nuair a bhíonn gaoth mhór ag teacht imthigheann na lachan ar eiteóg giota mait on teach. Ma éirigheann an ghealach go h-árd ins an aer sin comhartha go bhfuil aimsir mhaith ann. Nuair a bhíos na préachain ag éiteal thart fa na páirceannaí deirtear go bhfuil sneachta ag teacht.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siubhan Ní Chéarrain
    Gender
    Female
    Address
    Cró na Sealg, Co. Donegal