School: Mín an Tóiteáin
- Location:
- Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
- Teacher: Conall Mac Cuinneagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Tóiteáin
- XML Page 425
- XML “Tomhasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tomhaiseanna
Gamhna geala bána, ní ólann siad bainne agus ní itheann siad féar agus ní fearr leobhta na thraigh é no i lár an lan-mhára. Réidhteach = Faoileogaí bána.
Tchímh é agus ni fheiceann tusa é agus tá sé níos comgaraighe duit-sé nó tá sé damh-sa. Réidhteach = Cúl do cinn.
hata beag mo sean-dhuine thuit sé isteach san fhairre. Níor stad sé ariamh de bogadaigh go deachaidh sé anonn go Meiricea. Réidhteach = Cabhair a bhíos ar an uisge.
Caidé tá lán agus a chongbhuigheas tuilleadh? Réidhteach = Pata préataí nuair a chuirtear uisge ortha.
Chuaidh fear amach a bhaint féir lá amháin. An méidh a bháin sé chaith sé na dhiaidh é, agus an méidh nar bháin sé thug sé leis é. Réidhteach = Fear ag baint na féasóige do fhéin
Caidé a bhéas istigh sa lá agus théid amach san oidhche? Réidhteach = Solas an lae.
An fear a rinne é, rinne sé le na dhíol é, agus an fear a cheannuigh é ní chaith sé ariamh é, an fear a chaith é(continues on next page)- Collector
- Sighle Nic Suibhne
- Gender
- Female
- Address
- Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
- Informant
- Brighid Nic Suibhne
- Gender
- Female
- Address
- Mín an Tóiteáin, Co. Donegal