Amhrán: Mo Chailín Gaedhealach Donn
I (Fonn - The Boys of Wexford)
Bhí mé lá breág Samhraidh ag siubhal le cois an chuain.
Thárla orm an Ghruag gheal 's í ag baint na sméara ó'n craobh:
Bhí a brágha mar an lil uirthi agus a ghruag mar Rós an Ríogh.
Nach costasach an cóiriughadh a bhí ar mo chailín ghaedhealach donn.
II
Luigh mé taobh thiar dé mo stóirín agus bhí mé breáite tinn.
D'fhiafraigh mé don Óig-bhean an dteannfadh sí mo cheann.
Tá na céadthaí bean i ngrádh liom ⁊ go brath nach dtig 'un cinn.
Agus tá mé i ngrádh le Máire Bán níl cás ar bith liom ann.
III
Is truagh nach mise i Muineachan mo shuidhe amuigh san aer.
Cailín óg i m'aice liom ⁊ mé bheith ag [[?]] lei.
Sgairtfinn ar an cuideachta agus dhíolfainn arais an cháin.
Ó leanfainn ar an fhairrge í mo cailín ghaedhealach donn.
(Féach ar an taobh eile
(continues on next page)