Sgéal fá Mhínleac na leabhar
Féach ar leath; 18 fa choinne mhíniú na háite seo agus beagan den stair a bhaineas leis
Am amháin bhí fear 7 cailín ann 7 rinne sise brionglóid trí hoidhche go raibh pota óir i mín leac na leabhar. Tháinig sí féin 7 an fear go Mín Leac na Leabhar. Bhí siad ag cuartú an phota nuair a tháinig an bacach thart. Chuir seisean ceist ortha goidé bhí siad ag cuartú, agus d'innis siad do gur pota óir a bhí faoin leic. Dubhairt an bacach nach raibh ann acht pisreógaí. Nuair a d'imthig an fear 7 an cailín, tháinig an bacach arís agus fuair sé an pota óir. Phós sé agus bhí clann aige. I náit an focal bacach thug siad an t-ainm toicidhe air o shin amach, agus is iomdha uair a cluinneadh na daoine ag cainnt fa 'bunadh 'n toicidhe'.
(Meadhbh Nic Cearainn a d'innis an sgéal seo, féach ar leath a haon)