School: Mín an Tóiteáin

Location:
Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
Teacher:
Conall Mac Cuinneagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 411

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 411

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Tóiteáin
  2. XML Page 411
  3. XML “Scéal fá Mín Leac na Leabhar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal fá Mhínleac na leabhar
    Féach ar leath; 18 fa choinne mhíniú na háite seo agus beagan den stair a bhaineas leis
    Am amháin bhí fear agus cailín ann agus rinne sise brionglóid trí hoidhche go raibh pota óir i mín leac na leabhar. Tháinig sí féin agus an fear go Mín Leac na Leabhar. Bhí siad ag cuartú an phota nuair a tháinig an bacach thart. Chuir seisean ceist ortha goidé bhí siad ag cuartú, agus d'innis siad do gur pota óir a bhí faoin leic. Dubhairt an bacach nach raibh ann acht pisreógaí. Nuair a d'imthig an fear agus an cailín, tháinig an bacach arís agus fuair sé an pota óir. Phós sé agus bhí clann aige. I náit an focal bacach thug siad an t-ainm toicidhe air o shin amach, agus is iomdha uair a cluinneadh na daoine ag cainnt fa 'bunadh 'n toicidhe'.
    (Meadhbh Nic Cearainn a d'innis an sgéal seo, féach ar leath a haon)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Meadhbh Nic Cearrain
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Cró na Sealg, Co. Donegal