Na Seacht Súbháilcí
Siubhan Mc Chearain as Crós na Sealg i gClochán Liath a thóg focla 7 fonn an amhrain seo. Tá sí 11 bliain d'aois. Tógadh í i gCró na Sealg 7 chaith sí a saoghal ann. Fuair sí an amhran ó a haintín, Meadhbh Nic Chearainn, Cró na Sealg, i gClochan Liath, bliain ó shoin. Bhí sí 60 bliain san am sin. (Scríobhtha anseo, Samhain 1936)
An chéad súbhailce a fuair an Mhaighdean Bheannuigh'
Nár bh'é sin an tsubháilce mhór
Nuair a fuair sí subháilce ó a haon mac uasal
Gur rugadh é 'sa mhainsear.
I
Curfa
'Gus allaluia, 'gus alleluia
Na seacht subháilcí da n-iarrfa
'Gus iomchar a héideadh
Go mbeirea go síorruidhe beo.
II
An dárna subháilce a fuair an Mhaighdean Bheannuigh'
Mar bh'é sin an tsubháilce mór
Nuair a fuair sí subháilce ó a haon mhac uasal,
Go dteachaidh sé ag siubhal.
Curfa
III
An tríomhadh subháilce a fuair an Mhaighdean Bheannuigh'
Nar bh'é sin an tsubháilce mhór
(continues on next page)