School: Bun Machan

Teacher:
Íde, Bean Uí Chobhthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0648, Page 297

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0648, Page 297

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bun Machan
  2. XML Page 297
  3. XML “Crann na Crocaire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhí crann an-mhór - crann giúise - ag fás ina an gcoill ar a tugtar Leach na Giúise, díreach ar aghaidh Tighe na Coille, tinpeall míle ó Sráid Bhaile. Tá scéal ag baint leis an gcrann seo agus ritheann an scéal seo mar a leanas :
    Nuair a d'fhás an crann seo d'fhás sí ar nós gach crainn eile agus ní raibh aon rud neamh-coitíonta ag baint leis, roinnt mhaith aimsire ó shoin. Thárla go raibh buachaill breá, óg, groidhe, deagh-chumha ina chónaí san áit sin agus le h-imeacht aimsire tháinigh trioblóid mhór air as é an trioblóid a tháinigh air ná an ghrá, trioblóid a thagann ar mórán daoine mar é ach ní mar a chéile a éiríonn leo sa ghalair. Chun leanúint ar mo scéal anois, thit sé seo i ngrá le cailín óg, álainn dathúil as Cnoc Reamhair. Bhídís ag siúl is ag siúl fé scáth na gcrann ar an mbóthar ar a bhfuil mé ag trácht.
    Oíche amháin níor tháinigh sí agus d'fhan an fear óg ag faire ar gach taobh de go dtí go raibh sé déanach san oíche. Fé dheire chuaidh sé abhaile agus croí trom aige ach bhí súil aige í d'fheiscint an tráthnóna ina dhiaidh sin. Níor tháinigh sí is ní raibh fonn uirthi teacht mar bhí an grá go léir, mo lámh leis, ar an mbuachaill mí-Amharach seo. Tháinigh sé an tríú oíche ach bhí an scéal céanna aige, fairíor, agus baineann sé le deallramh go raibh sé as a mheabhar ar fad le neart grá is trioblóide is díomá. D'imigh sé is é ina gheilt is fuair sé.
    Chas sé go dtí an áit ina mbíodh sí féin ag fanúint leis agus an crann díreach ós a cionn. D'fhéach sé in áirde agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Woodhouse, Co. Waterford
    Collector
    Íde Bean Uí Chobhthaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Bean Uí Chobhthaigh
    Gender
    Female