School: Bun Machan

Teacher:
Íde, Bean Uí Chobhthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0648, Page 283

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0648, Page 283

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bun Machan
  2. XML Page 283
  3. XML “An Faoisdin Dheireanach”
  4. XML “Seanráite”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus tar isteach sa tigh go tapaidh". Dhein an fear amhlaidh, gan an culaith do bhaint den póiní a cuigint. Chuadar isteach agus dúnadar doras an tigh.
    Nuair a tháinigh an maidin dúirt an sagart leis an bhfear dul amach ag féachaint ar an gcapall. Tháinigh an fear ag rith isteach go dtí an sagart. "Ó" ar seisean "tá an capall caillte amach sa stábla". "Ó dé an diabhail?" arsa sé. "B'é an diabhal a bhí ann aréir; an rud a bhí uaidh ná anam an fhir a bhí ag fágáil bháis ach bhain mé an fear uaidh; shíl sé ansan teacht ormsa agus ortsa leis; nuair nach fuair sé teacht ar éinne againn fuair sé teacht ar an gcapall.
    Buíochas mór do Dhia na Glóire gur mar sin a thit sé amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Is gairid an mhoill bhúr mbuairt.
    Is gairid d'fhuacht, teas.
    Is gairid do thiormacht, tuille mór.
    A's níl aon rud buan ach ceart.
    Durrúghadh na muca maith. Durrow of the Fat Pigs.
    Seachain an tobac láidir mar tosach láidir agus deire lag.
    Deineann seilbh sásaimh.
    Coinneal agus coinnleóir ann!
    Agus cá bhfuil an leath-cheann san?
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Languages
    Irish
    English