School: Bun Machan

Teacher:
Íde, Bean Uí Chobhthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0648, Page 282

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0648, Page 282

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bun Machan
  2. XML Page 282
  3. XML “An Faoisdin Dheireanach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cóisteóir, "Iompaigh an capaillín timpeall, caithfidh mé dul go dtí an fear san arís". D'imíodar go dtí an fear agus fuair an sagart go dtí an leaba ina raibh an fear a bhí ag fáil bháis. "Bhuel" arsan sagart leis "is baol liom gur d'fhág tú rud éigin it' fhaoisdín gan insint dom". "Ó níor fhág mé" arsan fear bocht. "Cuimhnigh anois" arsan sagart. "Is baol liom gur fhág tú; níl ach cúpla uair le maireachtain agat, tabhair aireachas dot' ainm, ní mairfidh tú go dtí maidin". "Bhuel, d'fhág mé cúpla rud, a athair. mar beadh eagla is náire orm iad a luadhadh" ar sé sin. "Ó ní gá aon eagla ná náire bheith ort" arsan sagart "tá Dia go maith agus maithfidh sé gach aon rud duit". Thosnaigh an fear agus dhein sé faoisdín go breá, fíor; ansan thug an sagart buíochas do Dhia, chuir sé beannacht ar an bhfear agus d'fhág an tigh; léim sé isteach sa chárr - é féin agus a fear stábla agus d'imíodar leo.
    Ní raibh ach leath-slí déanta acu nuair d'airigheadar an fothram taobh istigh den claidhe arís - an fear árd agus na slabhraí ag liobarnadh leis. Bhí sé ag déanamh ar tigh an tsagart an babhta seo.
    Dúirt an sagart leis an bhfear stábla an phuip do chur abhaile ar an bpóiní. D'imíodar go mear ach bhí an compánach gairid dóibh i gcónaí. Nuair a shroiseadar an tigh arsan sagart "Scaoil an capall go mear isteach sa stábla,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Íde Chobhthaigh
    Gender
    Female
    Occupation
    Príomhoide
    Informant
    Liam Ó Cearbhaill
    Gender
    Male
    Age
    67
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Ballylinch, Co. Waterford