School: Bun Machan

Teacher:
Íde, Bean Uí Chobhthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0648, Page 279

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0648, Page 279

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bun Machan
  2. XML Page 279
  3. XML “Níor Nocht Sé riamh a Rún Dá Mháthair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is mo scéal atá ann i dtaobh Ár dTiarna Íosa Críost, moladh go deo leis, nuair a bhí sé ina fear óg agus é sa saol seo. Seo thíos ceann acu :-
    Bhí Dia is a mháthair ag siúl an bóthar droch lá fliuch agus casadh fear a bhí ar meisce ortha. D'iarr sé cabhair ar Dia. Thug Ár dTiarna scilling dó. Casadh fear bocht eile ortha. Bhí sé bacach agus gan é ábalta bheith ag siúl. Bhí deallramh na h-aingeise ar an gcréatúr seo, bhí aghaidh bán air is bhí a chuid éadaig salach strachaithe. D'iarr sé cabhair ó Dhia ach má iarr, ní fuair sé é. "Nach ait an rud a dhein tú, a Mhic" arsan Mhaighdean Mhuire. "Thug tú airgead dó san a bhí ar meisce ach an créatúr bocht a bhí bacach níor thug tú dada dó". "Fan go fóill a Mháthair" arsa Ár dTiarna "siúl an bóthar". Do shiúladar. Ar a slí teacht thar n-ais dóibh casadh an fear bocht bacach ortha ar thaobh an bhóthair agus é tar éis bháis. Fuair Ár dTiarna anonn chuige. D'oscail sé brollach an fhir sin is tharraing sé amach máilín agus é lán d'ór. "A Mháthair" arsa Ár dTiarna "bhí sé sin ag déanamh naoimh dá chuid airgid; níor thrácht sé riamh ar m'ainm ná ar t'ainm ach oiread. An fear eile, cé gur minic a bhíonn ar meisce bíonn sé go minic ag guí chun Dé agus chun a mháthair. As an scéal seo a tháinigh an s-sean-rá seo.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Íde Chobhthaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Liam Ó Cearbhaill
    Gender
    Male
    Age
    67
    Address
    Ballylinch, Co. Waterford