School: Bun Machan

Teacher:
Íde, Bean Uí Chobhthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0648, Page 278

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0648, Page 278

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bun Machan
  2. XML Page 278
  3. XML “Cuairt an Diabhail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Dé chúis ná fuair tú isteach sa chéad tigh a thug mé thú?" arsa fear na gcártaí. "Ní bhfuigheann dul isteach ann mar bhíodar á rá an Rósairí sa tigh sin". "Sa diabhal duit, dé chúis nár fuair tú dul isteach sa dara tigh?" "Ní bhfaighinn dul isteach ansan mar bhí an t-uisce cosanta curtha ac timpeall insan tigh sin". "Agus sa diabhal duit, conas a fuair tú dul isteach sa tigh seo?" "An fear agus an bhean a chónaíonn sa tigh seo níl paidir ná uisce cosaint ag tabhairt aon chúraibh dóibh. Níl siad ag déanamh dada ach ag bruigheann agus ag argóint agus ag mallaightheoireacht agus ag marbhú a chéile". "Bhuel, táim marbh agat. Dé an diabhal sórt duine a chuigint thú?" arsan fear. "Bhuel, is minic atátú tar éis m'ainm-se do rá an oíche seo an fhaid is a bhí tú im iomcar; is mise an diabhal. Bím gach aon oíche idir an fear agus an bean seo nuair a bhíd ag bruigheann as ag marbhú a chéile; caithfidh mé dul isteach anois; beidh siad seo ag fuireach liom agus beidh fáilte is fiche ortha romham". Leis sin d'imigh sé an doras isteach a's bhí sé as radharc.
    Maidir le fear na cártaí, bhí sé leath-marbh leis an geit a baineadh as. Is ar éigin a bhí sé ábalta imeacht abhaile go dtí a thig féin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Ide Bean Uí Chobhthaigh
    Gender
    Female
    Occupation
    Príomhoide
    Informant
    Liam Ó Cearbhaill
    Gender
    Male
    Age
    67
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Ballylinch, Co. Waterford