School: Bun Machan
- Teacher: Íde, Bean Uí Chobhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bun Machan
- XML Page 277
- XML “Cuairt an Diabhail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ag teacht ó bheith ag imirt cártaí oíche. Chas fear ar a chasán air. "Dia is Muire dhuit" arsa fear na cártaí. Níor labhair an fear eile focal leis. Bheannaigh sé arís dó ach má bheannaigh níor bhfuair sé aon freagra uaidh an babhta seo ach an oiread. "Dé an diabhal sórt fear thú ná labhrann tú liom?" arsa fear na cártaí. "Tá mé ag fuireach anseo go dtí go dtiocfaidh duine éigin a thabharfadh ar a dhrom mé go dtí mo theach mar tá mé cortha". "Preab suas ar mo dhrom" arsa fear na cártaí. Do phreab agus as go bráth leo.
Bhíodar ag imeacht agus imeacht go dtí gur casadhtigh ortha. "Seo tigh duit anois" arsa fear na cártaí "preab anuas dem' drom". "Ó ní bhfuigheann dul isteach sa tigh sin a cuigint" arsa an fear eile "caithfidh tú mé iompar go dtí an chéad tigh eile a casfar orainn". Comh maith do dhein ach bhí sé ag éirí cortha ó bheith á iompar. Casadh an tarna tigh ortha. "Seo tigh duit anois" arsa fear na cártaí "caithfidh tú dul isteach ann, tá mé cortha sa diabhal duit ó bheith it' iompar". "Bhuel! caithfidh tú mé thabhairt go dtí tigh eile, ní bhfuighinn dul isteach anseo" arsa sé. Thángadar go dtí an tríú tigh. "Bhuel" arsa sé "scaoil síos ded' dhrom anois mé, tá mé ag dul isteach sa tigh seo agus beidh fáilte romham". "Sa diabhal duit, tá mé marbh agat, tar anuas dem' dhrom" arsa fear na cártaí(continues on next page)- Collector
- Ide Bean Uí Chobhthaigh
- Gender
- Female
- Occupation
- Príomhoide
- Informant
- Liam Ó Cearbhaill
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ballylinch, Co. Waterford