Scoil: Bun Machan

Múinteoir:
Íde, Bean Uí Chobhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0648, Leathanach 277

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0648, Leathanach 277

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bun Machan
  2. XML Leathanach 277
  3. XML “Cuairt an Diabhail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ag teacht ó bheith ag imirt cártaí oíche. Chas fear ar a chasán air. "Dia is Muire dhuit" arsa fear na cártaí. Níor labhair an fear eile focal leis. Bheannaigh sé arís dó ach má bheannaigh níor bhfuair sé aon freagra uaidh an babhta seo ach an oiread. "Dé an diabhal sórt fear thú ná labhrann tú liom?" arsa fear na cártaí. "Tá mé ag fuireach anseo go dtí go dtiocfaidh duine éigin a thabharfadh ar a dhrom mé go dtí mo theach mar tá mé cortha". "Preab suas ar mo dhrom" arsa fear na cártaí. Do phreab agus as go bráth leo.
    Bhíodar ag imeacht agus imeacht go dtí gur casadhtigh ortha. "Seo tigh duit anois" arsa fear na cártaí "preab anuas dem' drom". "Ó ní bhfuigheann dul isteach sa tigh sin a cuigint" arsa an fear eile "caithfidh tú mé iompar go dtí an chéad tigh eile a casfar orainn". Comh maith do dhein ach bhí sé ag éirí cortha ó bheith á iompar. Casadh an tarna tigh ortha. "Seo tigh duit anois" arsa fear na cártaí "caithfidh tú dul isteach ann, tá mé cortha sa diabhal duit ó bheith it' iompar". "Bhuel! caithfidh tú mé thabhairt go dtí tigh eile, ní bhfuighinn dul isteach anseo" arsa sé. Thángadar go dtí an tríú tigh. "Bhuel" arsa sé "scaoil síos ded' dhrom anois mé, tá mé ag dul isteach sa tigh seo agus beidh fáilte romham". "Sa diabhal duit, tá mé marbh agat, tar anuas dem' dhrom" arsa fear na cártaí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ide Bean Uí Chobhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Príomhoide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Liam Ó Cearbhaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ballylinch, Co. Waterford