School: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
- Location:
- Newtown, Co. Waterford
- Teacher: Muiris Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá páirc gairid don tigh i gCill Rosannta agus tugtar an Pháirc Milis uirthi. Déanfadh duine ar a féachaint uirthi gur beag d'féar milis ann mar ní fásann ann ach aiteann gaelach agus féar bán garbh. Chuireadh ceist ar duine lá an chúis gur tugadh a leithéid d'ainm uirtji agus seo mar dúirt sé liom.
Ba le Tomás a garsúin an páirc. Do mhair bean sa ceanntair darbh ainm Máire Liam. Bíodh sé mar nós ag Máire imeacht leis an slua (leis na daoine marbh). Bíodh sé imithe cúpla lá go dtí go gcasadh sé arís. Lá a bhuail sí le Tomás agus dúirt sí leis :- "Ná bris an páirc seo go deo mar sí seo an pháirc mhilis. Tiomáin do ba tríd gach lá sa bhlian agus beidh raidhse bainne aca".
Ón lá sin amach níor briseadh an pháirc.
Deirtear gurab é an chúis a d'iarr sí air gan an pháirc do bhriseadh ná go mbíodh bóthar nó casán ag an slua tríd agus go gcuirfí isteach ortha dá mbrisfí í.