School: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
- Location:
- Newtown, Co. Waterford
- Teacher: Muiris Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amháin do bhí beirt bean ina chónaí sa tig agus do bhí carn féir ag fás ar díon an tigh agus do bhíodar ag iarraidh bó do chur in áirde ar an dtigh chun an féir d'ithe. Tháinigh fear i leit cúcha agus bhí sé ag féachaint ar an obair. "Cad chuige ná baineann sibh an féir agus é do caitheamh cuice?" arsa sé. "Buil níor chuimhneamar ar a leithéid" arsa siad.
So mhair tiarna talmhan i Loch Garman fadó agus a iníon. An oíche seo bhí sí ina sheasamh ag an doras agus do chonaic sí fear ar dhruim capaill ag teacht agus tháinigh sé go dtí an doras agus d'iarr sé ar an gcailín an dtabharfadh sí cead dó fanúint i rith ná agus dúirt sí go dtabharfadh. D'fhan sé agus nuair a tháinigh an maidin agus nuair a bhí sé chun imeacht dúirt an tiarna leis fanúint i gcóir cúpla lá eile agus d'fhan. An oíche seo bhíodar ag imirt cártaí agus do leig an cailín ceann doibh titim uaithí agus(continues on next page)