School: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín

Location:
Newtown, Co. Waterford
Teacher:
Muiris Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0648, Page 91

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0648, Page 91

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
  2. XML Page 91
  3. XML “Caisleán an Airgid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá caisleán in aice Cathair Portláirge agus sé an ainm atá air ná Caisleán an Airgid. Oíche amháin chuir fear an chaisleáin fear eile chun faire ann ar feadh na h-oíche. Bhí an fear sásta agus nuair a bhí sé ann ar feadh tamaill d'airigh sé duine ag teacht síos an staighre agus fuair sé bás leis an scanradh a bhí air. Oíche eile d'imigh fear eile chun codladh ann. Fuair sé alán bídh ó fear an chaisleáin. Bhí sé ag ullmhú a suipéir nuair d'airigh sé an duine céanna ag teacht síos an staighre agus nuair tháinigh sé síos sa chistin d'fhiafraigh an fear de an n-íosfadh sé blúire bídh ach níor dúirt an fear eile dada ach fuair sé rásúr agus scatan agus gach rud eile i gcóir béarra é féin. Ansan d'fiafraigh an duine eile go mbearrfadh agus fáilte agus nuair a bhí an gnó déanta aige rug an fear é isteach i seomra agus do theaspáin sé leac dó agus dúirt sé go raibh pota óir fé agus fuair sé an óir agus ní raibh lá bocht aige ar feadh a saoil.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Waterford, Co. Waterford