School: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
- Location:
- Newtown, Co. Waterford
- Teacher: Muiris Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aca fé coimirce An Slánathóir, ceann eile fé An Mhaighdean Mhuire agus ceann eile fé coimirce Naomh Brighid.
Bíonn Patrún ann ar Lá Féile Brighid. Bíonn sé sin ins Lá Saoire sa pharóiste. Bíonn muintir an paróiste ag déanamh na turusanna ó breachadh an lae.
Ólann siad trí deochanna den uisce as gach tobar. Bíonn Brat Bríghde in gach tigh san paróiste. Sé an rud é a leithéid ná píosa éadaigh agus cuireann daoine timpeall a chinn é nuair a bíonn tinneas cinn air nó ar aon bhall dá chorp a bhíonn tinn chun é do leighisú.
Crochtar taobh amuigh den fuinneóg é in gach tigh oíche Féile Brighde mar sé tuairim na ndaoine go dtéigheann Naomh Brighid timpeall agus go mbeanníonn sí gach ceann aca.