School: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
- Location:
- Newtown, Co. Waterford
- Teacher: Muiris Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I lár na h-ochtú aoise déag do rugadh ar an ropaire seo agus do do sáideadh isteach i bpriosún i mBaile Bhricín é i gCathair Portlairge. Ní nach iongadh is ar mhuintir na Chomairigh bhí an t-áthas mar níor staon sé acht ag déanamh leipigsior ortha. Bhí cúpla pluais aige i measc na sléibhte ceann aige taobh theas den baile Rath Ó Gormach agus tá loch gairid de ar a tugtar Loch an Chrotaigh agus bhí pluais eile aige in aice Cnochán an Phíopaire.
Daoradh chun báis é agus bhí sé chun bheith crochdh go poiblí ar an gcnoc i mBaile Bricín. Bhí slua mór daoine ar an gcnoc agus do siúl an Crotach agus a gárdaí go dtí an t-árdán. Ar an árdán dó d'fhiafraigh sé den oifigeach an dtabharfadh sé cead dólabhairt leis an bpobal. Tugadh a mhian dó.
D'fhiafraigh An Crotach den slua an raibh aoinne ó dúthaig An Chomairig i láthair agus más rud go raibh, teacht chun caint leis. Deirtear go raibh carn óir curtha i seilbh aige agus bhí sé chun cur in iúl do duine aca cá raibh sé i bhfolach aige. Ón lá san amach níor fuaradh é agus b'fhéidir ná fuigheadh go deo.