School: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
- Location:
- Newtown, Co. Waterford
- Teacher: Muiris Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Conas mar a tugadh an ainm uirthi.
Abha bheag is eadh í seo a gabhann thar baile beag Cill Rossantaig ar a turus go dtí an farraige.
Nuair a bhí Cromwell ag dul ó Cathair Portlairge go dtí Dúngarbhán deirtear gur imigh sé tríd an pharóiste seo Cill Rossantaigh. Bhí bean darbh ainm di Máire de Paor ina chónaí i ndúthaig an Chomairig agus ar a chlisint di go raibh Cromwell agus a saighdiúirí ag teacht dúirt sí leí féin gurab é an rud ab fhearr a dhéanamh ná iad do mhealladh le bpreabanna i dtreo ná d'imeóchaidís leí. Bhí sí go fial agus go flaithiúil leo, ag tabhairt a ndóthain bídh agus dighe dóibh. Do lean sí iad fan an bóthar go dtí gur thángadar go dtí an abha seo. Áth a bhí ann chun dul treasna ionadh droichid agus níorbh fhéidir leí gabháil a thuille leo. Níor dhein sí ansan ach a lámh do háidh isteach ina brollach agus céad púint do tharraingt amach agus do shín sí do Cromwell é agus dúirt sí leis :
"Sin é mo dhícheall anois"
Ón lá sin amach tugadh 'An Dicillín' ar an abhainn.