School: Sheanmore (roll number 16197)
- Location:
- Sheeanmore, Co. Mayo
- Teacher: Síghle Ní Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sheanmore
- XML Page 01_043
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéal
Ins an aimsir i bhfad ó shoin bhí triúr dreathracha ann agus b’ainm dóbhtha, Goll, Conán agus Mionán. Lá amháin bhí siad amuigh ag seilg agus druid a’ ceo ortha ar an cnuic agus bhí a mbealach caithte acu. Ar dheireadh agus ar síor chonaic siad solus beag i bhfad uatha agus tarraing siad ar an tsolas. Nuair a chrom siad fé doras chonaic siad sean-fhear ina n-aracais agus dubhairt sé leo, “Céadmíle Fáilte romhaibh a Gholl, Conáin agus Mionáin”. Shuidh siad síos agus réidhtigh sé suipéar dhóibh agus nuair a bhí a ndotan ithte agus ólta aca thosuigh siad ag cainnt ar gníomhtharaí gaisgidheacha. Bhí uain reithe ceangailte tios i n-éadan an tighe. “A ngaibhfeá síos” ansan sean fear, “agus féach corr leis an uain”. “Gabfaidh” ara Goll. Chuaidh Goll síos agus d’astuigh sé an t-uan agus d’as[tuigh](continues on next page)- Collector
- S. O' Donohoe
- Informant
- Seán Báiread
- Gender
- Male