School: Dubh Achadh/Dooagh (B.)
- Location:
- Dooagh, Co. Mayo
- Teacher: S. Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gan dhá ghreim ar éan bhlas, agus gan éan ghreim tur. Cruinnigh bocht agus nocht, saidhbhir agus daidhbhir chun an fhéasta, ag ithe agus ag ól, ag déanamh siasma agus grinn, nó go dtáinig cunntas isteach go raibh ceann de na ba ceaptha ag na hallmhuraigh, agus dubhairt Diarmuid a fhágáil annsin nó go dtéidheadh sé féin amach.Nuair a chaitheadar a ndinnéar go socair sámh, d’éirigh Diarmuid agus rug sé ar a bhata, agus bhain sé crathadh as, agus d’iarr sé ar aireoir na mbó a theacht leis, agus an bhó a theasbáint dó.Siubhal sé féin agus maor na mbó go dtí talamh na nallmhurach – an áit a raibh an bó – agus d’iarr sé air, an bhó a thiomáint leis go bhfeiceadh sé a dtiocfadh éan duine roimhe. Thiomáin sé leis í agus níor tháinig éan duine roimhe le bac a chur air; agus dubhairt Diarmuid leis, má d’imthigh éan bhó uaidh le bliadhain, a tiomáint leis chomh maith, agus thiomáin sé leis trí cinn eile agus níor leig na hallmhuraigh ortha féin gur imthigheadar.Nuair a tháinig sé chun a tighe aríst bhí ithe agus ól aca ar feadh dhá lá eile, nó gur sgap na comhursna ar deireadh thíar go buidheach beannachtach.Seal gearr in-a dhiaidh sin thug sé cuireadh do na hallmhuraigh cun dinnéir. Tháinigeadar chuige, agus bhí fáilte mhór aca roimhe ins an gceantar sin, agus bhíodar i na(continues on next page)
- Collector
- Séamus Ó Gallchobhair
- Gender
- Male