School: Dubh Achadh/Dooagh (B.)

Location:
Dooagh, Co. Mayo
Teacher:
S. Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0086H, Page 02_010

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0086H, Page 02_010

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubh Achadh/Dooagh (B.)
  2. XML Page 02_010
  3. XML “Diarmuid a' Reatha agus an Garlámhach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tabhairt na mbeithidheach leobhtha dhá aindeoin, agus gan leath an airgid íoctha aca.
    Caith Diarmuid smugairle ar a mhaide, agus d’ionnsuigh sé iad, agus rith sé thríotha mar rithfeadh seabhach thríd ailt éanacha, gur bhuail sé iad agus gur thug sé leis an áirnéas, agus bhuail sé an bóthar ag tarraingt a-bhaile agus na beithidhigh leis.
    Lean beirt fhear é agus d’agair siad é na bheithidhigh a thabhairt dobhtha, agus go n-íocfadh siad an t-airgead go hiomlán. Fuair sé annsin luac na mbeithidheach, agus thug sé dóbhtha iad.
    Bhí allmharaigh móra as Cuan na Marbh ar an aonach ag amharc air, agus dubhradar gur gaisgidheach a bhí ann.
    Bhí feilmeara mór i gCuan na Marbh sínte ar theorainn leis na hallmhuraigh seo agus nuair a chonnaic seisean an gaisge a rinne Diarmuid, labhair sé leis agus d’iarr sé d’impidhe air, a theacht siar leis go tír Sheoigheach, agus go dtiubhrfadh sé a inghean dhó le póadh, agus go dtiubhrfadh sé gach uile nidh eile dhó dhá réir, acht a theacht agus a feiceáil agus muna dtaithnigheadh sí leis go dtáinigh leis gan a pósadh. Chuaidh sé siar leis go tír Sheoigheach nó go bhfaca sé an cailín, agus thaitin sí leis, agus dubhairt se le n-a hathair go nglacfadh sé léithi mar mhnaoi.
    Pósadh an lánamháin agus d’fhuagair an t-athair fleadh agus féasta ar feadh trí oidhche agus trí lá ag ithe agus ag ól, bhlas na meala ar gach ghreim,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Gallchobhair
    Gender
    Male