School: Dubh Achadh/Dooagh (B.)

Location:
Dooagh, Co. Mayo
Teacher:
S. Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0086H, Page 02_007

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0086H, Page 02_007

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubh Achadh/Dooagh (B.)
  2. XML Page 02_007
  3. XML “Diarmuid a' Reatha agus an Garlámhach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    teasbánadh a thabairt dúinn, agus chímid go bhfuil an tobar fior mar is iomdha teasbánadh i dtaobh báis daoine, agus iad eirghe slán a fheiceas muid agus bádh é. An t-ainm a bhí ar an naomh – Naomh Colman. I ndhiaidh an mhéid sin tháinig allmhuicidhe go huachtar Acla, agus bhí sé annsin ag allmhuiceacht, agus ní raibh mórán ann le creachadh acht éanacha agus ceatharaí. Bhí sé lá annsin ag spaisteoireacht, agus chonnaic sé fear agus bean ag teacht isteach fearsad Acla, agus bó leobhtha. Bláthmhail a bhí mar ainm air.
    Triomuigheann an tráigh míle ar fad agus míle ar leithead, i riocht is go dtéidheann roinn de’n fhairrge suas Béal na gCliath, agus roinn eile de síos Béal an Bhuláin, agus nuair a bhíonns tráth-rabharta ann shiubhalfá anonn tirim in do bhróga, agus an meath-rabharta bheithfeá go dtí do chom ag dul trasna na feirste.
    Máille a bhí mar ainm ar fhear uachtar Acla, agus connaic sé an bheirt seo ag teacht trasna na thágha, agus chuaidh sé chun a n-aircis; ag thug sé leis iad go huachtar Acla agus an bhó, agus nuair a chuaidh an fear a thug sé leis a chodhladh, bhí faitchíos ar go mabhóchthaoi e, agus d’imthigh sé fein agus a bhean leobhtha nuair a fuair siad fear a’ tighe in-a chodhladh.
    Ní raibh a fhios aca cé rachadh siad mar badh í an oidhche a bhí ann, acht bhíodar ag siubhal rompa nó go dtáinig an lá agus níor stadadar to dtí go ndeachaidh siad go Sliabh Mór agus rinneadar árus beag dhóbhtha féin annsin.
    Ní fada a bhíodar imthighthe nó go gcualaidh fear a’ tighe go rabhadar ag Sliabh Mór, agus tháinig sé ar maidin go moch cun a’ tighe,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Gallchobhair
    Gender
    Male