School: Dubh Achadh/Dooagh (B.)

Location:
Dooagh, Co. Mayo
Teacher:
S. Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0086H, Page 02_002

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0086H, Page 02_002

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubh Achadh/Dooagh (B.)
  2. XML Page 02_002
  3. XML “Seo iad Targaireachta a Rinne Brian Rua Ó Cearbháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Dubhairt sé go dtiocfadh an lá nuair a bheadh rotha iarainn ar chóistí teineadh ó dheas agus ó thuaidh, agus go mbeadh na clocha ag cainnt ar na bóithre. Sin iad na clocha míle.
    Dubairt sé go dtiocfadh na liatha luatha agus go dtiocfadh an lá a séanfadh duine a bhó in-a dhoras féin; go dtiocfadh dhá ní eile, gur dhaoire an falach ná an rud a bheadh istigh ann; go beadh claidhtheacha ar na bóithre agus geataí ar na cros-bhóithre le lucht treaspáis a choinneál siar.
    Dubhairt sé go dtiocfadh an lá nuair nach mbeadh bláth ar an bhfraoch agus go mbéarfaidhe fear i gCúige Mumhan, agus go mb’feairrde d’Éirinn gan a bhreith.
    Dubhairt sé go dtiocfadh an lá nuair ba charadach an nach a bhéarfadh greim bidh d’á athair agus thiocfadh nidh eile is measa – beid na measa ghá dtomhos dubh.
    Dubhairt sé go ndéanfaidhe droichead ar an Abhainn Mhóir ag Comhraic, agus nach gcríochnóchthaoi choidhche é. Tá se amhlaidh. Tá cloch amháin le cur ann go fóill, agus atá se mar sin ó rinneadh é, agus ní fhuil misneach ag duine ar bith an chloch sin a chur air – mar atá contabhairt ann is dóigh.
    Dubhairt sé go dtiocfadh an lá nuair a bheadh na daoine ghá gcur i bpríosún, gan choir gan cháin, agus go mba chríonna an fear a rachadh thar fairrge, agus go dtiocfadh bliadhain an óir agus bliadhain an bhróin in-a dhiadh, bliadhain bheag eile nó dhó, agus is beag a bhéas beó in-a ndhiaidh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Gallchobhair
    Gender
    Male