School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)

Location:
Na Forbacha, Co. Galway
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 10_005

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 10_005

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Mhuire, Na Forbacha
  2. XML Page 10_005
  3. XML “Scéal - Na Trí Chomhairle”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó, agus bhí sé pósta. Bhí beirt mhac aige, agus bhíodar an-bhocht gan domhan. An lá seo ar chaoí ar bith dubhairt sé go gcaitheadh sé a dhul ag saothrú a bheatha. Dimthigh sé leis annsin, agus bhí sé ag imtheacht choidhche nó go deó, gur casadh isteach i dteach é a raibh sean-lánamhain ann. D'fhiafruigh sé obair orra agus fuair sé é. Ba é an tuarastal a bhí dó ar feadh bliadhna trí ghiní.
    Bhí sé ag obair ar a mhíle dhicheal go raibh an bliadhain thuas; agus nuair a bhí d'fhiafruigh an sean-fhear dhe cé aca a bfearr leis na trí ghiní a fhághail nó trí chomhairle mhaithe. Dubhairt sé go mbfearr leis na trí chomhairle mhaith. "Tá mé sasta" adeir an fear, seo dhuit iad mar sin. 1. Má's cam direach an ród sí an slighe mhór an aith-ghiorra. 2. Na codail coidhche in aon teach a mbeidh sean-fhear pósta
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Dhroighneáin
    Gender
    Female
    Informant
    Colm Ó Droighneáin
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Coisméig Mór, Co. Galway