School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)

Location:
Na Forbacha, Co. Galway
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 06_020

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 06_020

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Mhuire, Na Forbacha
  2. XML Page 06_020
  3. XML “Gobán Saor”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear fadó ann, gobán saor an t-ainm a bhí air. Bhíodh sé ag déanamh caisleáin do daoine uaisle na h-Éireann. Bhí sé pósta agus is clann inghean ar fad a bhí aige. An lá seo bhí sé ag dul ag déanamh caisleán do dhuine uasal áiríthe, agus dubhairt sé le na bhean mar a mbheadh mac agatsa nuair a thiocfas mise ar ais ná bí sa teach romham. Tá ar ndothain inghiní againn cheana agus níl aon mhaith leo. Níl siad indhan aon chonghnamh a thabhairt dom leis na caisleáin a dhéanamh. Tá mé ag eirighe sean anois agus teastuigheann mac uaim le conghnamh a thabhairt dom. Agus mar a mbheidh mac agatsa nuair a thiocfas mise ar ais marbóchaidh mé thú. Cén neart atá agamsa air sin adeir an bhean. Bíodh sé amhlaidh arsa gobán. D'imthigh leis annsin agus chuaidh sé ag déanam a Caisleáin.
    Bhí sé imthighthe tamall fada, agus an fhad a's a bhí sé imthighthe; bhí páiste óg ag a bhean agus ba inghean í. Ní raibh a fhios aice céard céard a dhéanfadh sí. Aon lá amhain bhí sí ag cainnt le bean ar an mbaile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic Ó Nualláin
    Gender
    Male
    Informant
    Peadar Ó Flannchadha
    Gender
    Male
    Age
    37
    Address
    Seanadh Fhraochóg, Co. Galway